Seachtain na Gaeilge 2019
Seachtain den scoth a bhí againn i gColáiste Mhuire. Bhí imeachtaí ar nós Tráth na gCeist, Dúcheist an Lae, Toraíocht Taisce, agus ‘Tae agus Plé’ ar siúl. Bhain na daltaí an-taitneamh as an deis a gcuid Gaeilge a chleachtadh. Ghlac na daltaí sa chéad bhliain páirt i gComórtas póstaer. Scríobh roinnt daltaí eile dánta bunaithe ar Lá Fhéile Pádraig. Phioc na múinteoirí Gaeilgeoir na Seachtaine as chuile rang. Chuir ár gceoltóirí seisiún ceoil ar siúl ag am lóin. Gan dearmad a dhéanamh ar Rian Dully, rinne sé damha ar an Sean-Nós os comhair na scoile. Críochnaíodh an tseachtain le ceardlann ‘Caith Amach é’ bunaithe ar an scrúdú béil don séú bliain. Míle buíochas do gach duine a bhí ag déanamh iarracht an Ghaeilge a chur chun cinn. Tá muid ag tnúth leis an mbliain seo chugainn anois.
Commentaires